Tá Aisteoirí Thamhlachta, grúpa drámaíochta Gaeilge atá lonnaithe i dTamhlacht, ar tí ócáid speisialta amharclannaíochta a chur i láthair an mhí seo le léiriú de Uaigneas an Ghleanna, aistriúchán Gaeilge le Tomás Ó Flaithearta ar an saothar clasaiceach le J.M. Synge, The Shadow of the Glen.
Beidh an léiriú ar siúl Dé hAoine an 20ú agus Dé Sathairn an 21ú den mhí seo agus is ócáid thar a bheith tábhachtach í don ghrúpa, mar gurb í seo an chéad léiriú a bheidh acu ina n-amharclann nua féin. Beidh an dráma faoi stiúir Chiaráin Mhic Mhathúna.
Bunaíodh Aisteoirí Thamhlachta leis an aidhm drámaíocht Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta, agus le himeacht ama tá cáil á saothrú acu as léirithe machnamhacha, cumhachtacha a chuireann an Ghaeilge i gcroílár shaol cultúrtha an lae inniu. Tá tábhacht ar leith leis an léiriú seo, ní hamháin mar gheall ar thábhacht shaothar Synge i gcanóin amharclannaíochta na hÉireann, ach freisin mar cheiliúradh ar oscailt spás léirithe nua don ghrúpa.
Scrúdaíonn Uaigneas an Ghleanna téamaí an uaignis, an fhrustrachais agus an bháis i saol tuaithe na hÉireann, téamaí atá fós ábhartha sa lá atá inniu ann. Cuireann an t-aistriúchán seo léargas úr ar scéal atá aitheanta, agus ag an am céanna fanann sé dílis do dhomhain mhothúchán agus do ghéar bhreathnóireacht shóisialta an bhunleagain.
Beidh na léirithe ar siúl in amharclann nua Aisteoirí Thamhlachta, atá suite ar an láthair chéanna leis an gcaifé Gaeilge, ‘Aon Scéal? Léiríonn an spás comhroinnte seo forbairt thábhachtach mar lárionad cultúrtha do chainteoirí Gaeilge agus do lucht tacaíochta na teanga i dTamhlacht, mar a dtagann amharclannaíocht, comhrá agus pobal le chéile faoi aon díon amháin. Tá an caifé tar éis éirí ina láthair chruinnithe rathúil cheana féin, agus cuireann an amharclann nua go mór le neart na Gaeilge sa cheantar.
Chomh maith leis an dráma féin, cuirfidh an t-amhránaí Lorcán Mac Mathúna is na ceoltóirí Éamon Galldubh agus Martin Tourish aitheanta saibhreas breise leis an oíche shiamsaíochta trí léiriú a saothair nua-cheaptha. Tá cáil ar an triúr as a gcuid oibre i gceol traidisiúnta agus tugann a rannpháirtíocht gné ealaíonta eile don ócáid.
Trí Uaigneas an Ghleanna a chur ar stáitse ina n-amharclann féin, osclaítear caibidil nua don ghrúpa, caibidil a thugann níos mó saoirse chruthaitheach dóibh agus an deis réimse níos leithne léirithe agus imeachtaí cultúrtha a óstáil amach anseo. Léiríonn sé freisin a ndúthracht i leith amharclannaíocht Ghaeilge a dhéanamh inrochtana agus ábhartha do lucht féachana áitiúil.
Tá ticéid ar fáil trí Eventbrite don dá oíche, agus táthar ag súil le héileamh láidir mar gheall ar thábhacht na hócáide agus ar chaighdeán na n-ealaíontóirí atá páirteach ann. Le dráma láidir, ceol beo agus spleodar oscailte ionaid nua, is cinnte gur ócáid nach ndéanfar dearmad di í seo do Thamhlacht agus d’amharclannaíocht Ghaeilge i gcoitinne.
Beidh na doirse ar oscailt ó 6.30 i.n., is an léiriú féin ag tosú ar a 7 i.n. Le tuilleadh eolais faoin imeacht is an cumann drámaíochta, is féidir cuairt a thabhairt ar Aisteoirí Thamhlachta/ Facebook.
Aisteoirí Thamhlachta, the Irish-language drama group based in Tallaght, is set to present a special theatrical event this month with performances of Uaigneas an Ghleanna, an Irish-language translation by Tomás Ó Flaithearta of J.M. Synge’s classic play, The Shadow of the Glen. The production will take place, under the guidance of director, Ciaran McMahon, on Friday the 20th and Saturday the 21st of February, marking an important milestone for the group as it will be staged in their brand-new theatre space.
Founded with the aim of promoting Irish-language drama in the Tallaght area, Aisteoirí Thamhlachta has steadily built a reputation for thoughtful, engaging productions that place the Irish language at the heart of contemporary cultural life. This latest staging is particularly significant, not only because of the enduring importance of Synge’s work in the Irish theatrical canon, but also because it celebrates the opening of the group’s new performance home.
Set in rural Ireland in the early 20th Century, Uaigneas an Ghleanna explores themes of isolation, longing and frustration. Presented through the Irish language, this translation offers audiences a fresh lens on a familiar story, while staying true to the emotional depth and sharp social observation of the original.
The performances will be staged in Aisteoirí Thamhlachta’s new theatre, located on the same property as the Irish-language café, ‘Aon Scéal? Café’. This shared space represents a growing cultural hub for Irish speakers and supporters of the language in Tallaght, combining theatre, conversation and community under one roof. The café, situated in the heart of Tallaght Village, has already become a popular meeting place, and the addition of a dedicated theatre space further strengthens the area’s Irish-language infrastructure.
Adding to the richness of the evening, the night’s entertainment will also feature newly composed works performed by Lorcán Mac Mathúna, Éamon Galldubh and Martin Tourish. All three musicians are well respected for their contributions to traditional and contemporary Irish music, and their involvement brings an additional artistic dimension to the event. The inclusion of new compositions alongside a classic theatrical text highlights the living, evolving nature of Irish-language culture, where tradition and innovation exist side by side.
For Aisteoirí Thamhlachta, this production is both a celebration and a statement of intent. Performing Uaigneas an Ghleanna in their own theatre signals a new chapter for the group, offering greater creative freedom and the opportunity to host a wider range of productions and cultural events in the future. It also underlines their commitment to making Irish-language theatre accessible and relevant to local audiences.
Tickets for both performances are available through Eventbrite, and demand is expected to be strong given the significance of the occasion and the calibre of artists involved. With a compelling drama, live music, and the excitement of a new venue, this promises to be a memorable cultural event for Tallaght and for Irish-language theatre more broadly.
Doors opening at 6.30 p.m., with performance commencing at 7 p.m. For more information, please visit Aisteoirí Thamhlachta/Facebook.