Tá laghdú 25% tagtha ar dhaonra Oileán Chléire, Co. Chorcaí, idir na blianta 2016 is 2022, rud a fhágann go bhfuil bunscoil an oileáin i mbaol a dúnta anois mar nach bhfuil ach ceathrar páistí ag freastal uirthi. Tá oideachas bunscoile ar fáil ar an oileán Gaeltachta le nach mór 200 bliain anuas.
Le cur leis an bpráinn níl bord bainistíochta na scoile in ann múinteoir a earcú mar nach bhfuil tithe ar fáil ar cíos ar an oileán. Cheadaigh an Comharchumann áitiúil talamh le ceithre theach a thógaint ach dhiúltaigh Comhairle Contae Chorcaí don iarratas dhá bhliain ó shin.
Dar le Comharchumann Chléire tá teaghlaigh ag tréigean an oileáin ceal tithíochta.
Ag labhairt dó ar Nuacht TG4 níos luaithe sa tseachtain dúirt Séamus Ó Drisceoil, Oifigeach Tionscnaimh, Comharchumann Chléire;
‘Diúltaíodh an ceadúnas pleanála seo ar an mbonn nach féidir ach tigh amháin a thógaint ag an am agus táimid ag fanacht anois ar an bpolasaí nua ó thaobh na nOileán ón Aire chun féachaint an mbeidh aon faoiseamh ar fáil ón taobh sin den scéal.. níl aon faoiseamh in aon rud atá déanta ag an Aire dúinn go dtí seo, in ainneoin na bpleananna atá ann dos na hoileáin.’
Tá dréacht treoirlínte maidir le cúrsaí pleanála sna ceantair Ghaeltachta le foilsiú ag an Roinn Tithíochta ach níl sé deimhnithe ag an Roinn cathain a bheidh siad ar fáil. Dhá bhliain ó shin a dúradh go mbeadh na treoirlínte foilsithe. Bhí tionchar teangan le bheith mar chuid lárnach díobh.
Tá míshástacht fhorleathan ann i dtaobh na moille le foilsiú na dtreoirlínte.
Agus é faoi agallamh ar Nuacht RTÉ le déanaí thug an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cúiv le fios gurab é
‘An fhadhb atá ann agus cuireann sé seo frustrachas orm chuile lá le athrú ar bith a dhéanamh, tá an oiread staidéir le déanamh, tá an oiread moille, tá an oiread próisis ann is nach bhfuil tada nó mórán ag tarlú sa tír le déileáil le ceisteanna práinneacha..’
Le dul i ngleic leis na fadhbanna seo, bunaíodh an eagraíocht BÁNÚ ag cruinniú i gCois Fharraige, Conamara, i mí na Samhna, anuraidh.
Shocraigh coiste na hEagraíochta nua seo, go luath ina dhiaidh a bunú, go mbeadh sí ag díriú ar dtús ar cheithre phríomhéileamh maidir le soláthar tithíochta sa Ghaeltacht do chainteoirí Gaeilge. Seo iad na príomhéilimh;
(i) go mbeadh an cúram curtha ar Údarás na Gaeltachta dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus, chuige sin, go dtabharfaí an chumhacht don Údarás, chomh maith leis an maoiniú, le go bhféadfadh an tÚdarás talamh a cheannach, ar a bhféadfaí suíomhanna le seirbhísí a réiteach, le cur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh cur fúthu sa Ghaeltacht;
(ii) go mbainfeadh Roinn na Gaeltachta úsáid as Acht na dTithíochta Gaeltachta, le tacaíocht a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh teach a thógaint sa Ghaeltacht;
(iii) go leagfaí síos rialacha i gcás tithe atá le ligean ar cíos sa Gaeltacht, le go dtabharfaí tús áite do chainteoirí Gaeilge a bheadh ag iarraidh áit chónaithe a thógáil ar cíos go fadtéarmach;
(iv) go bhfoilseofaí an dréacht de na treoirlínte atá réitithe ag an Aire Tithíochta, maidir le dualgas reachtúil na n-údarás pleanála i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.