Deineadh Cros Chonga i dTuaim, mar chumhdach do bhlogh den Fhíor-Chros a thug an Pápa Callistus II do Thairrdelbach Ua Conchobair, Ard-Rí Éireann, sa bhliain 1123 AD.
Léiriú is ea Cros Chonga de thraidisiún fada d’éachtaí miotalóireachta a bhain go sainiúil leis an Eaglais in Éirinn. Tá sí maisithe le réimse suntasach stíleanna. Is féidir féachaint uirthi mar cheann de na seoda is mó ón ré sin.
Feictear athchruthú theicnící miotalóireachta Éireannacha na gcéadta bliain d’aois, cosúil le neas-suíomh dearg agus buí, ar an gCros.
Bhíodh carraig chriostal mór leabaithe i lár an trasnáin mar chosaint don taise. Tá na plátaí cré-umha ar dhromchlaí na croise déanta le múnla gréas oscailte agus iad maisithe le hainmhithe nasctha sa stíl Urnes ón gCríoch Lochlann.
Tá an chros 30 orlach ar airde agus tá na hairm 18.75 orlach ar leithead.
Scríobhadh an inscríbhinn, atá le feiscint ar thaobh na croise, as Laidin agus as Gaeilge.
Paidir do Mhuiredach Ua Dubthaig, príomh chléireach na hÉireann
Paidir do Thairdelbach Ua Conchobair, rí na hÉireann, a deineadh an ornáid seo dó
Paidir do Dhomnall mac Flannacáin Uí Dubthaig ó theorainneacha Chonnacht, comharba ar Chommán agus Ciarán, a dhein an ornáid seo
Paidir do Mháel Ísu mac Bratáin Uí Echach, a dhein an ornáid seo
Leis an gcros seo clúdaítear an chros ar a d’fhulaing cruthaitheoir an domhain
Mar chros mhórshiúlach, bhíodh an chros suite ar a bachall ag ceann mórshiúl creidimh ag duine de na cléirigh. Is minic a baineadh crosa den sórt sin óna bachall agus cuireadh ar an altóir iad le linn an tsearmanais.
Sna hAnnála, tugtar “an Bacall Buidhe” ar an gcros, tagairt dá dhath órga.
I lár an 12ú haois, aistríodh an chros ó Thuaim go Mainistir Chonga, mainistir de chuid na nAgaistíneach. Sna céadta bliain ina dhiaidh sin, níltear cinnte cén áit go díreach a raibh an chros i gceantar Chonga ach is cosúil gur chuir muintir na háite agus daoine den chléir i bhfolach í ina dtithe féin mar gheall ar ghéarleanúint reiligiúnach i gcoinne na gCaitliceach, a bhí ina bhuaic le linn na bpéindlíthe.
Ag deireadh an 18ú hAois, d’aimsigh an tAthair de Priondargást, an t-ab deireanach de Mhainistir Chonga, an chros a bhí i bhfolach i sean chófra darach i dteach sa sráidbhaile. Deirtear gur ann a coinníodh í ó thart ar lár an 17ú haois (aimsir choncas Chromail ar Éirinn). Choinnigh an tAthair de Priondargást an chros ina theach ansin, a bhí suite ar fheirm i mbaile fearainn Bhaile Mhic Giobúin atá gar do Chonga.
Chonaic William Wilde, an t-údar mór le rá, arbh as an gcuid seo d’Éirinn dó, an chros ina óige i seilbh an Athar de Priondargást agus dúirt sé gur úsáideadh an chros ag séipéal Chonga le linn fhéilte na Nollag agus na Cásca ag an am sin nuair a chuirtí ar an altóir í le linn an Aifrinn.
Bronnadh an chros in 1839 ar Acadamh Ríoga na hÉireann, áit a raibh sí ar feadh tréimhse fada ar cheann de na déantáin ba sheasmhaí dá chuid.
Sa lá atá inniu ann tá an chros ar taispeáint in Ard-Mhúsaem na hÉireann. Meastar go bhfuil sé ar cheann de na samplaí is fearr de mhiotalóireacht agus d’ealaín mhaisiúil a thréimhse in Iarthar na hEorpa.
An Bacall Buí !